Focla.ie agus Cur agus Cúiteamh

Tá breis agus mí ó shin, do chruthaigh mé an suíomh gréasáin www.focla.ie chun an foclóir Gaeilge is mó riamh, Croidhe Cainnte Chiarraighe, do chur ar fáil ar bhealach nua-aimseartha do dhaoine.

Is éard atá ann ná suíomh gréasáin air ar féidir na ceannfhocail atá le fáil i gCroidhe Cainnte Chiarraighe a chuardach, a scagadh, agus iad a léamh. Is féidir na focail agus na habairtí samplacha a thiontú go litriú caighdeánach agus freisin cnaipe a bhrúigh chun an litriú bunaidh a fheiceáil arís. Tá sé an-éasca chun feidhm a bhaint as.

Tá an scéal faoi www.focla.ie á scaipeadh agam faoi láthair. Mar chuid den iarracht sin, labhair mé le Doiminic Ó Brolcháin ar a chlár “Cur agus Cúiteamh” ar an mbealach Destination Newry.

Bhí comhrá breá agam maidir liom féin, mo mhuintir, an t-oideachas do bhfuair mé agus an dúil atá agam i bhfoclóirí Gaeilge. Phléamar an foclóir nua Béarla Gaeilge agus freisin conas mar atá an saol san áit ina bhfuil mise i mo chónaí, Trier, in iarthar na Gearmáine.

Brúigh seo más mian leat an físeán dár gcomhrá a fheiceáil.

https://www.facebook.com/watch/live/?v=708992746626906&ref=watch_permalink

You may also like

Laisser un commentaire

Votre adresse e-mail ne sera pas publiée. Les champs obligatoires sont indiqués avec *