Ba chóir do na páirtithe móra in Éirinn iarrthóirí a chur sa bhfothoghchán i dTír Eoghain Thiar

Ós rud é go bhfuil Barry McElduff tar éis éirí as bheith mar fheisire do Thír Eoghain Thiar, eagrófar fothoghchán chun a chomharba a thoghadh. Tá féidearthachtaí ann do pháirtithe eile dá dtapóidís an deis.

Bheadh sé go maith dá rachadh na trí pháirtí móra eile in Éirinn .i. Fine Gael, Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre in iomaíocht sa bhfothoghchán sin chun dúshlán Shinn Féin a thabhairt. Déanann siad gearán nach fiú d’fheisirí de chuid Shinn Féin bheith tofa mar ní fhreastalaíonn na feisirí de chuid Shinn Féin ar fheis na Breataine (agus an ceart ar fad acu).

Tugann Fine Gael the United Ireland Party orthu féin. Tugann Fianna Fáil an Páirtí Poblachtánach orthu féin. Toisc an drochriocht atá ar Pháirtí an Lucht Oibre ar na saolta seo, bheadh sé go maith dó aontú lena chomhpháirtí, an SDLP. Seo deis iontach dóibh uile rud nua a dhéanamh agus a dtiomantas d’Éire aontaithe a léiriú go soiléir.

Ní móide go dtarlóidh sé

Cé gur smaoineamh den scoth é, ní móide go dtarlóidh sé ós rud é go bhfuil na trí pháirtí sin sásta leis an riocht atá ar pholaitíocht na hÉireann. Dá má rud é go raibh orthu dul san iomaíocht sna sé chontae, bheadh athrú poirt ann agus bheadh orthu a meon faoin tuaisceart a athrú. Ní bheadh siad in ann gearán a dhéanamh faoi Shinn Féin chomh héasca sin ós rud é go mbeadh siad ag seasamh ar an dóigh chéanna sna toghcháin ó thuaidh is mar a sheasann Sinn Féin agus an SDLP.

an Lucht Oibre, Barry McElduff, Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin, Tír Eoghain Thiar

You may also like

Laisser un commentaire

Votre adresse e-mail ne sera pas publiée. Les champs obligatoires sont indiqués avec *