Ceol nua Avicii

Albam nua Avicii

Mo thuairim faoi cheol nua Avicii

Déardaoin, 10 Lúnasa, chuir Avicii a albam nua ar fáil agus mé ar gor lena cheol a chloisteáil.

Bhí sé ag cleasaíocht leis an lucht leanúna atá aige ar Instagram le tamall.

Thug sé le fios roimhe go scaoilfear an t-albam nua uaidh ar an 10 Lúnasa.

Gach lá d’fhoilsigh sé mír nua le giota de cheol nua inti ar Instagram chun éachtaint a thabhairt don saol mór cad a bhí le teacht.

Mar sin bhí mé ag súil go mór leis an slam nua amhrán a chloisteáil. Ach ar dtús báire, b’fhéidir gur chóir roinnt eolas a thabhairt faoin gceoltóir áirithe seo.

Cé hé Avicii?

Is é Avicii duine de na DJanna is rathúla agus is cáiliúla ar domhan. Tá fuaim faoi leith ag a chuid foinn. Tá fuaimeanna aibhléiseacha saorga iontu ach tá siad lán de bhuillí spleodracha a chuireann daoine ag damhsa. Tim Bergling is ainm dó agus saolaíodh é in Stócólm na Sualainne é in 1989. Thosaigh sé ag cruthú ceoil nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois in a sheomra codlata. Scríobh sé agus athmheasc sé foinn agus d’fhoilsigh sé ar an ngréasán domhanda iad. Chuaigh a cheol go mór i bhfeidhm ar dhaoine agus thug an DJ mór le rá Tiësto cuireadh teacht chuig an gclub Privilege in Ibiza chun seinm ann.

Roghnaigh sé an t-ainm Avicii dó féin. Is éard is is avice ann ná an ciseal is doimhne in infreann dar le Buddaigh agus is ansin a théann daoine a rinne ceann amháin nó níos mó de na 5 Pheacadh Is Measa (amhail dúnmharú).

Chum sé rianta dá chuid féin amhail “Bromance” agus an t-amhrán gleoite “My Feelings for You” in 2010. Ach ba é an fonn “Levels” ó 2011 a chur i mbéal an phobail ar fud an domhain é. Chuaigh an fonn beoga sonrach sin go barr na gcairteacha i ndúrud tíortha agus rinne sé réalt mór ceoil damhsa den stócach seo. Bhí gach duine ag canadh an fhoinn “da na na na na naaa na, naa na na na na na naaa…”.

I dtreo deireadh 2012, d’oibrigh sé le Nicky Romero chun  “I Could Be the One” a chur amach. Amhrán gasta a bhí éasca le canadh ab ea é agus dár ndóigh d’éirigh thar barr leis sna cairteacha agus sna clubanna.

In 2013, chuir sé an t-amhrán “Wake Me Up” amach. Canann Aloe Blacc san amhrán mealltach beoga seo agus d’éirigh leis dul go chuig barr na gcairteacha i mbreis agus 20 tír. Is é an t-amhrán is rathúla a chum sé riamh. Tá an leagan Gaeilge de Wake Me Up ó Choláiste Lurgan ar cheann de na hamhráin Ghaeilge is fearr riamh.

Tá a lán foinn eile churtha amach aige ó shin lena n-áirítear “Waiting for Love”, “A Better Day”, “Hey Brother”, “Broken Arrows”, “You Make Me” agus a lán eile nach iad. Aon duine a bhí i gclub oíche le sé bliana anuas, tá na hamhráin sin cloiste acu.

Cé go raibh sé gnóthach ag cumadh ceoil agus ag seinm ag ceolchoirmeacha ar fud an domhain, bhuail aicíd éigin é agus, faraor, i Márta 2016, d’fhógair sé go mbeadh sé ag éirí as bheith ag seinm ag ceolchoirmeacha le go dtiocfaidh biseach air. Sheinn sé beo den uair dheireanach in Ibiza samhradh anuraidh.

Is mór an trua é nach bhfuil sé ag seinm beo a thuilleadh ach bhí an t-ádh orm é a fheiceáil ag seinm beo. D’fhreastail mé ar a cheolchoirmeacha faoi dhó – i Meitheamh 2012 san O2 i mBaile Átha Cliath agus Iúil 2015 i bPáirc Mharlaí. Bhí slua 15,000 daoine san O2 in 2012 ach bhí 40,000 daoine i bPáirc Mharlaí in 2015.

Bhí siad thar cinn le soilse agus taispeántas den scoth ar an ardán, móide tinte ealaíne ag an deireadh.

Seo fiseán a thaifead mé ag an gceolchoirm i bPáirc Mharlaí nuair a sheinn sé “Levels”.

AVĪCI – an t-albam nua

Bhí áthas orm nuair a cuireadh an ceol nua ar fáil ach baineadh preab asam nuair a chonaic mé nach raibh ach 6 rian air. Nuair a bhí mise níos óige, bheadh 15 nó 20 fonn ar albam. Cad a tharla?

D’éist mé leis na hamhráin ar fad (dáiríre, ní raibh sé ródheacair sin a dhéanamh a laghad a bhí air) agus seo a leanas mo bharúil fúthu.

Is é “Without You” an rian is fearr. Tá sé spleodrach agus tapa agus den déanamh céanna leis na hamhráin mhóra a chum Avicii amhail Levels agus Wake Me Up.

Seo iad na hamhráin ar an albam seo:

Friend of Mine (le Vargas & Lagola)

Tosaíonn sé go mall ach éiríonn sé níos tapúla. Tá fuaim ghiotáir le cloisteáil ag tús an amhráin sula dtosaítear na buillí aibhléiseacha a shleamhnú isteach ann. Cuireann sé go mór leis an amhrán. Tá sé ar nós amhráin eile ó Avicii ach ní hé an ceann is fearr. Críochnaíonn sé measartha tobann.

Lonely Together le Rita Ora

Is breá liom na fuaimeanna doimhne atá ag tús an amhráin sula thosaíonn Rita Ora ag canadh. Tá guth deas aici san amhráin seo. Tá an t-amhrán measartha mall. Níl sé cosúil le hamhráin eile a chum Avicii. Smaoiním air mar amhráin a sheinnfeá ag tús ceolchoirme chun an slua a mhúscailt go réidh.

You Be Love (le Billy Raffoul)

Tosaíonn an t-amhrán seo go han-éadrom. Tá guth suimiúil ag Billy Raffoul. Feabhsaíonn an t-amhrán de réir a chéile agus ansin pléascann an ceol sula moilleann sé arís. Ardaíonn guth Billy Raffoul go mall arís ach ní ardaíonn an ceol leis. Fágtar an t-éisteoir ag feitheamh ar an bpléascadh ceoil. Is mór an trua é mar d’fhéadfadh an t-amhrán a bheith níos spleodraí níos luaithe. Roinnt bhuille tar éis an 3ú nóiméad tagann beocht san amhrán ach ní mhaireann sé rófhada mar chríochnaíonn an t-amhrán ag 3.27 nóiméad. Bheadh an t-amhrán níos fearr dá mbeadh an ceol spleodrach níos luaithe sa bhfonn agus dá maireadh sé ar feadh tamaillín níos faide.

Without You (le Sandro Cavazza)

Seo, gan aon agó, an t-amhrán is fearr ar an albam seo. Tá an rithim, an fhuaim agus glór Sandro Cavazza thar cinn. Is amhrán Avicii den seandéanamh é. Tosaíonn sé go réidh ach go tapa brúchtann an ceol go hard agus go gasta. Canann Sandro Cavazza go bog ag an tús ach nuair a thosaíonn an cúrfa, scaoileann sé an bobailín amach mar dhea. Cuireann sé teann lena ghuth agus spreagann an ceol daoine chun canadh agus damhsa. Tá buillí móra agus rithim ghasta ann chun damhsa a spreagadh. D’fhéadfá slua mór ag féile cheoil a shamhlú ag preabadh agus an t-amhrán seo á gcanadh acu. Is fiú éisteacht leis an amhrán seo arís is arís.

What Would I Change It To (le AlunaGeorge) <a

Tá an t-amhrán seo ar nós popamhrán ó Lily Allen. Cé go bhfuil sé go deas, tá sé i bhfad ró-éadrom dar liom. Ní dhéanfadh sé cúis ag féile cheoil. Bheadh an slua fágtha gan a fhios acu conas damhsa leis an gceol nó gan aon rud le canadh acu.

So Much Better (Avicii Remix)

Tá fuaim agus rithim ait ag an amhrán seo. Tá sé mall agus tá sé cosúil le ceol RnB. Níl mórán den fhuaim aibhléiseach a bheadh duine ag súil leis ó Avicii ann. Dáiríre, ní maith liom é. Mar a thugann teideal an amhráin le fios, d’fhéadadh Avicii amhrán i bhfad níos fearr a dhéanamh.

An tátal

Tá díomá orm faoin “albam” seo. Ar dtús báire, ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó rianta air. Ní leor sé rian le go dtabharfaidh albam air.

An dara rud ná nach bhfuil ach dhá amhrán atá thar moladh beirte. Sin iad Without You agus You Be Love. Níl na hamhráin eile cosúil le saothar Avicii go nuige seo. Níl faic cearr le hathrú poirt ach má tá ceoltóir chun foinn nua a chumadh, bheadh sé go maith dá mbeadh siad fiúntach agus taitneamhach. Faraor, ní thig liom a rá go bhfuil na foinn go maith.

Mar sin féin, táim, agus beidh mé, ag éisteach go minic le Without You. Is fonn iontach é atá oiriúnach do chóisrí, d’fhéilte ceoil nó nuair atáthar ag iarraidh do cholainn a fheabhsú sa lúthlann.

Avicii, ceol, ceolchoirm, damhsa, DJ, house, Tim Bergling

You may also like

Laisser un commentaire

Votre adresse e-mail ne sera pas publiée. Les champs obligatoires sont indiqués avec *