Agus mé idir mo chodladh agus mo dhúiseacht ar maidin, chonaic mé teachtaireacht ar Twitter faoin eagrán is déanaí den phodchraoladh, Beo Ar Éigean. Roghnaigh mé éisteacht leis fad agus a bhí mé ag néalfartach sa leaba.
Tá ag éirí go maith le Beo Ar Éigean ar na saolta seo agus theastaigh uaim éisteacht leis arís. Cé go raibh an chaint agus an comhrá go breá bríomhar, mar sin féin, bhí díomá orm. Dhá rud ba shiocair leis an díomá sin.
Tá sé sin crazy, you know what I mean…
An chéad rud a chuir díomá orm ná an iomad Béarla a bhí fite fuaite sa chaint. Uaireanta, bíonn gá le focal Béarla nó dhó chun rudaí a dúirt daoine eile i mBéarla a chur in iúl ach sílim go raibh an iomarca den Bhéarla san eagrán seo. Más podchraoladh Gaeilge é Beo Ar Éigean, ba cheart go mbeadh sé i nGaeilge.
Maíonn daoine gur fhorbairt nádúrtha é in aon teanga go mbeadh focail ó theangacha eile á dtabhairt isteach sa chaint. Tá agus níl. Is forbairt é nuair a thógtar isteach i do theanga féin focail ó theangacha eile chun coincheapa nua nach bhfuil i do theanga a chur in iúl agus a phlé. Tá éacht d’fhocal sa Ghaeilge a d’eascair ó theangacha eile agus is maith sin. Samplaí de sin ná beag, Aifreann, scríobh, póg, grá, leabhar, Domhnach, car, Nollaig agus neart focal eile ón Laidin. Thug na Lochlannaigh margadh, seol, stiúir, cnaipe, pónaire, fuinneog agus focail eile don Ghaeilge. Fuarthas an t-uafás focail ón Fhraincis, m.sh. buidéal, siúcra, siúr, seomra, tábla, gasúr agus araile. Fuarthas neart eile ón mBéarla m.sh. contúirt, fiontar, mála, dabht, seiceáil agus araile.
Cén Ghaeilge atá ar vuvuzela?
Ní miste focail mar na cinn sin mar chuireadar le stór focail na Gaeilge. Cén Ghaeilge a chuirfeá ar fhocail faoi leith amhail perestroika, vuvuzela, salsa, Oktoberfest, sfumato, hygge agus mar sin de? Is focail faoi leith iad agus b’fhéidir nár gá iad a aistriú. D’fhéadfaí vuvuzela a litriú mar bhúbhúsaeilea ach bheadh cuma an-aisteach air.
Ní forbairt é nuair a chaitear slám mór nathanna i dteanga amháin isteach i dteanga eile. Déantar praiseach den dá theanga ach déantar an dochar is mó den teanga ina bhfuil an chuid is mó den chomhrá. Cuirtear as riocht í.
Tá bealach éasca ann chun bréagnú a dhéanamh ar an maíomh gur fhorbairt nádúrtha atá ann teangacha a mheascadh le chéile ar nós cuma liom. Samhlaigh go raibh scrúdú cainte le déanamh agat. I bhFraincis abraimis. Dá mheascfá an Fhraincis agus an Béarla le chéile, ní bheadh ach toradh amháin air sin. Teip.
Samhlaigh dá mba rud é go raibh scrúdú scríofa i mBéarla á dhéanamh ag mac léinn in ollscoil sa Ghearmáin. Dá scríobhfadh an mac léinn nathanna i nGearmáinis sa scríbhinn Bhéarla, theipfeadh ar an mac léinn agus thabharfaí an chomhairle di nó dó gan Gearmáinis a scríobh i bpáipéar Béarla.
Scríobhaigí Gaeilge i scrúdú Béarla agus féach an toradh a bheidh air
Ba bhreá liom daoine le Gaeilge a fheiceáil ag scríobh nathanna Gaeilge i scrúdú Béarla san Ardteistiméireacht. Forbairt nádúrtha sa Bhéarla a bheadh ann ar ndóigh! Tarlaíonn sin i ngach teanga! Abair sin leis an gceartaitheoir agus le do thuismitheoirí. Féach cé chomh sásta is a bheidh siad leis an míniú sin.
San eagrán is déanaí den phodchraoladh, rinne na láithreoirí – Áine, Sinéad, agus Siún – plé ar an gciníochas agus ar an gcos ar bolg a dhéantar ar dhaoine, go háirithe daoine gorma. Dúirt siad nár cheart dúinne, an saol mór, glacadh le rudaí míchearta agus gur cheart rud éigin a rá faoi. Dúirt Áine gur cheart don lucht éisteachta é a rá leo nuair nach bhfuil rudaí inghlactha. (“Call us out” mar a dúradh). Mar sin, táim chun rud a dhéanamh orthu agus a rá “Níl sé inghlactha Béarla a bheith sa phodchraoladh más podchraoladh Gaeilge atá ann.”
Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair an Béarla a sheachaint in Éirinn agus go bhfuilimid báite i saol an Bhéarla ach níl sé dodhéanta. Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir theangacha. Dáiríre, tá sé tábhachtach sin a dhéanamh nó ní thuigfeadh daoine muid.
Seachain tostanna sa chaint
An dara rud do chuir díomá orm ná na moilleanna agus stadanna a bhí sa chaint. Bhí tostanna ann ó am go chéile. Le podchraoladh agus le craolacháin, is í fuaim an meán, mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh caint nó ceol nó fuaim le cloisteáil. Níor thaitin na tostanna agus na moilleanna liom. Uaireanta, bhí sé ar nós go raibh mé ag éisteacht le comhrá spadánta idir chairde nach raibh mórán le rá acu. Sin mar a bhíonn an chaint idir dhaoine sa bhaile nó ar oíche chiúin i dteach tábhairne, ach nuair is clár fuaime atá ann, is fearrde tostanna a sheachaint agus neart ábhar cainte a bheith ann. Tuigim go bhfuil sé deacair a bheith ag caint go spleodrach faoi chiníochas agus éagóir ach bheadh léiriú an phodchraolta níos fearr gan na tostanna sin. Mar a luaigh Siún, is scéal duairc é an ciníochas agus caithfear dul i ngleic leis agus an ceann is fearr a fháil air. Dá mbeinn féin i mbun comhrá faoi chiníochas, bheinn i bhfad níos caintí faoi. Tá an t-uafás le rá ina choinne.
Ag srannadh agus ag gáire
Bhí rud amháin sa phodchraoladh a bhain gáire asam – agus srann leis. Nuair a bhíonn Áine ag gáire go mór, déanann sí srann nó gnúsacht. Is é a dhála sin agamsa é. Is nós liom srannadh mór a dhéanamh nuair a bhím ag gáire go mór. Níl neart agam air. Is dóigh nach bhfuil neart ag Áine air ach oiread.
Is dóigh gur rud é a thóg mé liom ón mbroinn. Bím ag srannadh agus mé i mo chodladh agus nuair a bhaintear gáire mór asam, bíonn gnúsacht mar fhreagra ar an ngáire.
Beo go deo
Tá ríméad orm go bhfuil an-rath ar phodchraoladh Gaeilge. Bhí a fhios agam i gcónaí, dá ndéanfaí cláir i nGaeilge ar na craolacháin mhóra amhail RTÉ Raidio a hAon, RTÉ 2FM , Today FM, Spin1038 agus araile, go mbeadh fonn ar dhaoine éisteacht leo. Tá súil agam go spreagfaidh sé stiúrthóirí craolacháin eile chun cláir mar sin a chraoladh. Tuigim go mbeadh siad buartha go dtréigfidh an lucht éisteachta nach dtuigeann Gaeilge iad ach mura ndéantar iarracht riamh, ní bheidh aon toradh air. Von nichts kommst nichts (ní fhaightear faic as faic) mar a dheirtear sa Ghearmáinis.