Mórthimpeall Meicsiceo Molfach

Is tír mhór dhraíochtach é Meicsiceo atá ag cur thar maoil le stair agus seanchas, le hiontais ársa, le tírdhreach álainn, bia gan sárú, aimsir theaspach agus daoine lácha geanúla. Má tá sé ar intinn agat dul ar chuairt go dtí Meicsiceo beidh sé deacair ort rogha a dhéanamh cad é ar mhaith leat a fheiceáil ann. Is iomaí áit ar féidir cuairt a thabhairt uirthi agus níl teorainn leis na rudaí arbh fhéidir a fheiceáil agus a dhéanamh. Mura bhfuil ach beagán ama agat chun cuairt a thabhairt ar Mheicsiceo is fiú go mór dul ann agus cuid de a bhlaiseadh. Ní bheidh díomá ort.

Un Gringo con sombrero en México! Mise le ceannbheart do na buachaillí bó a cheannaigh mé in Monterrey

Is tír mhór é Meicsiceo. Dá leagfá anuas ar an Eoraip é, síneadh sé ó Albain go dtí an Iodáil. Is é an ceathrú tír déag is mó ar domhain é. Tugann sé sin tuiscint duit cé chomh mór is atá an tír ársa seo. Tá an tír breac le séadchomharthaí ón aimsir anallód nuair a bhí dreamanna éagsúla – an-éagsúil ar fad – i réim i rith tréimhsí áirithe. Bhí cathracha á mbunú i Meicsiceo tuairim is 3,000 bliain ó shin. Sin cé chomh seanda atá rudaí i Meicsiceo. Tá an stair ann gan áireamh. Tá Meicsiceo lán de phirimid agus de shéadchomharthaí eile a tógadh fud fad na tíre.

Mar sin féin, tig leat an-spraoi go deo a bheith agat más mian leat rudaí nua-aimseartha a dhéanamh ann. Is féidir dul ag snámh agus tonnmharcaíocht agus deilfeanna a fheiceáil san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Ciúin. Is féidir damhsa le ceol mariachi nó do scíth a ligean i gcaife nó teach tábhairne i gceantar beoga sna cathracha.

Cathair Mheicsiceo

D’eascair ainm na tíre ó chathair Mheicsiceo agus is fiú go mór cuairt a thabhairt uirthi. Is ceann de na cathracha is mó ar domhain í. Tá breis agus 21 milliún daoine ina gcónaí inti! Ní amháin sin, tá sí 2,400 méadar ar airde suite i ngleann leathan go hard sna sléibhte ach ní cheapfá go bhfuil sí chomh hard sin. I gceartlár na cathrach, tá sí ar nós seanchathracha Eorpacha le foirgnimh mhaorga, ascaillí agus cearnóga móra maille le páirceanna áille. I gceantair eile, tá cuma an-nua-aimseartha uirthi toisc na hilstóraigh ghalánta.

Radharc de cheantar nua-aimseartha i gCathair Mheicsiceo le foirgnimh ilstóracha

Faraor, i gceantair eile, go háirithe ar imeall na cathrach, tá ceantair atá beo bocht. Ní thugann turasóirí cuairt ar na ceantair sin. Is fiú go mór seachtain a chaitheamh sa chathair más leat eolas a chur uirthi. Tá neart le déanamh inti.

Lár na cathrach

Is fiú tús a chur le do chuairt go cathair Mheicsiceo i lár na cathrach – el Zócalo. Is cearnóg mhór í atá mar imleacán na cathrach. I lár baill tá crann brataí ollmhór ann ar a bhfuil bratach Mheicsiceo de shíor ar foluain. Ar an taobh ó thuaidh tá Ardeaglais Chathair Mheicsiceo, ardeaglais anmhór atá ar nós eaglais Spáinneach, ar an taobh thoir tá an El Palacio Nacional (an Pálás Náisiúnta – suíochán an rialtais) agus ar an taobh ó dheas tá oifigí rialtas na cathrach.

Ardeaglais Chathair Mheicsiceo Radharc ar lár na cathrach. Tá El Zócola le feiceáil i lár baill leis an Ardeaglais ar chlé agus an Palacio Nacional sa lár.

Is foirgnimh mhaorga iad agus tá cuma Spáinneach ar an gceantar. Tá an chearnóg agus na sráideanna máguaird suite i gceantar stairiúil agus is féidir neart a dhéanamh sa cheantar sin. Agus el Zócalo feicthe agat, is cóir seod na cathrach a fheiceáil – an Templo Mayor.

Fadó fadó i Meicsiceo…

Sula raibh cathair Mheicsiceo ann, bhí an chathair Tenochtitlan ann. Ba í Tenochtitlan ardchathair na Mexica (a bhfuil aithne níos fearr orthu mar na hAstacaigh).

Samhail de Tenochtitlan sular scriosadh í.

Nuair a rinne na Spáinnigh an tír a fhorghabháil sa bhliain 1521, ba í Tenochtitlan ceann de na cathracha is mó ar domhain. Chuir sé iontas ar na Spáinnigh ar cé chomh mór agus cé chomh innealta is a bhí an chathair. Mar sin féin, ní raibh drogall ar bith ar na Spáinnigh an chathair a scriosadh agus cathair nua a thógáil ar mhullach Tenochtitlan chun a léiriú go soiléir cé a bhí i gceannas.

Saothar ealaíne den scoth i ndánlann i gcaisleán Chapultapec ina léirítear an cath dearg a bhí idir na Méxica agus na Spáinnigh i 1521.

Tá iarsmaí den seanchathair fágtha. Is fiú go mór breathnú ar an Templo Mayor atá taobh thiar den Ardeaglais. Is ansin a bhí an áit is tábhachtaí do na Mexica. Bhí pirimid mhór acu ar a raibh céimeanna géara ar a haghaidh thiar. Ar mhullach na pirimide bhí dhá theampall ann – ceann amháin do Huitzilopochtli, dia an chogaidh, agus teampall eile tiomanta don dia Tlatoc, dia na báistí agus na talmhaíochta. Ní cheilimid an fhírinne – maraíodh na mílte daoine ar an láthair seo agus ba bhás gránna a bhfuair na híospartaigh. Chreid na Mexica gur ghá daoine a mharú ar mhaithe le Huitzilopochtli a shásamh. Is éard a tharla ná síneadh na donáin ar leac mór agus gearradh a ngoile agus a scairt. Réabadh an croí as na híospartaigh agus caitheadh isteach i soitheach faoi leith é. Uair amháin sa bhliain 1487, maraíodh tuairim is míle duine gach lá ar feadh fiche lá nuair a atógadh an teampaill! Shil sruth de fhuil na marbh síos na céimeanna. Ní nach ionadh mar sin gur theastaigh ó na Spáinnigh an áit fhuilteach seo a leagadh! Tá iarsmalann an Templo Mayor ann agus is féidir eolas a chur ar scéal an teampaill agus iarsmaí a fheiceáil inti.

I gceartlár na cathrach tá neart foirgnimh eile arbh fhiú a fheiceáil. Moltar go mór duit dul suas El Torre Latinoamericana (An Túr Mheiriceá Laidineach) chun radharc breá a fháil ar an gcathair. Is féidir an chathair ar fad a fheiceáil ó bharr an túir.

El Torre Latinoamericana i gceartlár Chathair Mheicsiceo

I gcóngar an túir tá El Palacio de Bellas Artes, ceoláras álainn. Ní gá ticéad a cheannach i gcomhair taibhiú chun dul isteach ann – tugtar cead breathnú ar an taobh istigh.

El Palacio de Bellas Artes

Díreach le hais El Palacio, tá garraí álainn darbh ainm an Alameda Central. Bíonn an aimsir an-te i Meicsiceo mar sin is áit deas í chun do scíth a ligean agus foscadh a fháil ón ngrian. Tá crainn agus scairdeáin uisce ann chun an t-aer a fhuarú. Tá cuma ghleoite ar an ngarraí de bharr na bláthanna atá ag fás i measc na gcrainn.

An Almeda Central

Trasna na sráide ón bPalacio de Bellas Artes, tá foirgneamh galánta eile arbh fhiú cuairt a thabhairt air. Is é an Palacio Postal (Pálás an Phoist). Is pálás go deimhin é! Féach an staighre iontach i lár na hoifige. Tá iarsmalann thuas staighre arbh fhéidir cuairt a thabhairt uirthi. Tá saor cead isteach ann.

An staighre iontach i lár El Palacio Postal

Beagáinín siar ón Alameda Central, tá la Plaza de la Republica ina bhfuil foirgneamh le stua ollmhór ar gach taobh de suite i lár na cearnóige. Is éard atá ann ná an Monumento a la Revolución (Séadchomhartha na Muirthéachta). Tá iarsmalann ann a mhíníonn cad a tharla i rith na muirthéachta a tharla i Meicsiceo idir na blianta 1910 go dtí na 1920í. Is féidir taisteal in ardaitheoir go barr an fhoirgnimh agus siúl timpeall an díon. Arís is féidir radhairc a fháil ar an gcathair.

Seádchomhartha na Muirthéachta

I gceantar eile sa chathair darbh ainm Chapultapec (cnoc an dreoilín teaspaigh i Nahuatl, teanga na Mexica), tá páirc mhór le coill inar féidir a lán a dhéanamh. Ar thaobh amháin tá an Museo Nacional de Antropología (Iarsmalann Antraipeolaíochta na Tíre) atá ollmhór ar fad agus is ann a fheictear na hiarsmaí, na dealbha agus réada eile a chruthaigh na dreamanna éagsúla ón aimsir anallód. Is í an iarsmalann i Meicsiceo a bhfuil an triall is mó uirthi.

Dealbh mhór i lár na cearnóige san iarsmalann. Glaoitear an Scáth Fearthainne ar an bhfuarán seo.

Ní féidir gach rud inti a fheiceáil in aon lá amháin. Ní mór dhá lá a chaitheamh ann. Cuirfear eolas ar gach dream a d’fhág a lorg ar Mheicsiceo. Is é seod na hiarsmalainne an seomra ina thaispeántar bailiúchán na Mexica. Is ann atá an charraig ar a bhfuil féilire cáiliúil na Mexica greanta. Glaoitear el Piedro del Sol (carraig na gréine) uirthi. Tá an seomra ag cur thar maoil le réada ó Tenochtitlan agus bainfear an-taitneamh as.

El Piedro del Sol – an dealbh nó cloch ghreanta is cáiliúla a chruthaigh na Méxica riamh Roth ollmhór greanta a chruthaigh na Méxica. Tá sé le feiceáil i seomra na Méxica san iarsmalann.

Seo blaiseadh de na réada atá le feiceáil ann a thugann éachtaint ar stair Mheicsiceo.

Trasna an bhóthair ón iarsmalann sin tá an pháirc inar féidir spraoi a bheith agat lasmuigh i measc na gcrainn nó ag bádóireacht ar loch nó ag caitheamh béile sna hiliomad bialanna ann. Tá caisleán Chapultapec ann ina raibh uachtaráin na tíre ina gcónaí tráth ach is iarsmalann sa lá atá inniu ann. Bíonn an pháirc agus an caisleán dubh le daoine i rith an lae mar sin bí ag súil le seal a chaitheamh ag seasamh i scuaine. Is caisleán deas é agus cuirtear eolas ar stair nua-aimseartha Mheicsiceo.

Má tá suim agat in ealaíon, tá iarsmalann eile a thaitneoidh leat. Ba ealaíontóir cáiliúil í Frida Kahlo agus is féidir cuairt a thabhairt ar an teach ina raibh cónaí uirthi. Tá Casa Frida Kalho lonnaithe in Coyoacán i ndeisceart na cathrach. Tá cuid dá pictiúir le feiceáil sa teach mar aon le nithe a bhain lena saol. Ceantar beoga é Coyocán istoíche agus tá sé de nós ag daoine spaisteoireacht timpeall an bhaile ag ithe is ag ól agus éisteacht le ceol. Tá neart bialanna agus tithe tábhairne agus margaí ann chun spraoi a bheith agat ann.

Ceantair eile ina mbíonn an gabhar á róstadh istoíche ná Polanco agus La Condesa. Bíonn cuid de na sráideanna ann lán le daoine san oíche agus is féidir dul ó thábhairne go club go héasca.

Teotihuacán

I bhfoisceacht cathair Mheicsiceo tá cathair ársa eile darbh ainm Teotihuacán. Ba chathair mhór í a bhí ag barr a réime thart ar 1,800 bliain ó shin ach de dheasca cogadh agus ceannairc, tréigeadh an chathair agus fágadh bán í. Thóg na daoine a raibh ina gcónaí ann dhá phirimid móra – pirimid na Gréine agus pirimid na Gealaí. Dar ndóigh, is í pirimid na Gréine an ceann is mó (an tríú pirimid is mó ar domhan go deimhin).

Lucht siamsaíochta gléasta i gcultacha dúchasacha de dhéanamh na Méxica i lár Teotihuacán. Tá Pirimid na Gealaí taobh thiar dóibh.

Bíonn scuaine fhada romhat chun dul go mullach na pirimide mar sin moltar duit dul go dtí Teotihuacán go luath ionas nach mbeidh ort feitheamh i scuaine ar feadh dhá nó trí huaire an chloig. Ní bhíonn scuaine ann chun pirimid na Gealaí a dhreapadh agus is ansin a fhaightear radharc den scoth ar an gcathair ar fad mar tá ascaill fhada a shíneann amach ón bpirimid. Is féidir an chathair a fheiceáil tú féin nó is féidir camchuairt a thabhairt le treoraí.

Sin Pirimid na Gréine taobh thiar dom.

Is féidir taisteal chuici ó chathair Mheicsiceo ar bhus. Bíodh Teotihuacán mar cheann de na háiteanna a thugtar cuairt air fad is atáthar i Meicsiceo!

Seo a leanas roinnt de na bailte nó áiteanna is mó aithne i Meicsiceo:

Acapulco
Is é Acapulco an baile saoire i Meicsiceo a bhfuil an aithne is fearr air agus a bhíonn an líon is mó turasóirí ag triall air. Le tránna órga fada, dufair theochreasach agus aillte óna léimeann tumadóirí nach dtugann aird ar a mbeatha, tá neart le déanamh ar an mbaile seo chun na mílte mílte daoine a mhealladh chuige.

Leithinis Baja
Tá clú agus cáil ar Leithinis Baja in iarthar Mheicsiceo de bharr na tránna bána fada, aillte móra agus cuanta áille inar féidir scíth a ligean.

Guadalajara
Tá Guadalajara, Jalisco, ar maos le cultúr Mheicsiceo. Tá clú agus cáil ar an gceantar seo de bharr an tequila a dhriogtar ann, an ceol mariachi, na hataí sombrero, charreadas(taispeántais ghaiscíochta ar mhuin capaill) agus damhsa an hata Meicsiceo.

Cancun agus Yucatán
Téann na milliún turasóirí go dtí Cancun gach bliain mar go bhfuil 22 km de thránna ann, uisce glan, aimsir the agus iliomad óstán de chaighdeán ard. Is í an chathair is giorra don Eoraip agus tá eitiltí díreacha go dtí Cancun. Níl sé i bhfad ón gcuid eile de leithinis Yucatán inar féidir séadchomharthaí ó na Maya a fheiceáil. Má tá saoire sa ghrian cois fharraige uait, is é Cancun do cheann scríbe.

Chichen Itza
Ba chathair a thóg na Maya í Chichen Itza atá lonnaithe i ndeisceart na tíre ar leithinis Yucatán. Tá a lán le feiceáil ar an suíomh agus d’fhéadfá an lá ar fad a chaitheamh ag cur eolais ar an seanchathair. Tá pirimid iontach ann agus láithreán imeartha mór don chluiche a ghlaoitear pelotaair. Is é Chichen Itza ceann de na láithreáin stairiúla is tábhachtaí i Meicsiceo.

Chichen Itza – seo b’fhéidir an teampall is cáiliúla agus is fearr i Meicsiceo. Tá nathracha nimhe ar chiumhais na staighrí.

Monterrey
Is í Monterrey i dtuaisceart na tíre an tríú cathair is mó i Meicsiceo agus is í an chathair is saibhre i Meiriceá Laidineach. Tá sí suite idir sléibhte mar sin tá radhairc iontacha le feiceáil de na sléibhte ach déanta na fírinne níl an chathair féin thar moladh beirte. Níl cuma dheas uirthi. Is féidir tuilleadh eolais a chur ar stair na tíre san iarsmalann mhór, Museo de Historia Mexicana, i lár na cathrach. Feictear go soiléir na heachtraí a tharla i Meicsiceo. Díreach lasmuigh den iarsmalann, tig leat taisteal i mbád trí lár na cathrach chun cuid den chathair a fheiceáil.

Radharc den sliabh mór atá le hais Monterrey. Is séadchomhartha mór é an dealbh dearg sin ar dheis. An leagfaidh mé é???

San Cristobal de las Casas
Is seanchathair í San Cristobal de las Casas in Chiapas i ndeisceart na tíre ar a thugann a lán eachtrannaigh cuairt. Coimeádach na seanfhoirgnimh ón aimsir Spáinneach agus tá dathanna geala orthu. Tá sráideanna beaga inar féidir siúl chun eolas a chur ar an gcathair agus earraí a cheannach i margaí i lár na cathrach. Is daoine de bhunaidh Maya a bhfuil ina gcónaí ann a thugann féiniúlacht faoi leith di. Bogann an saol go réidh in San Cristobal de las Casas agus sin an fáth a thaitníonn sé go mór le turasóirí.

Grianghraf díom agus mé ar chuairt in Saltillo, cathair i dtuaisceart na tíre.

Bia blasta gan sárú

Is beag duine nach maith leo bia Meicsiceach. Tá ainm na tíre in airde ar fud na cruinne de bharr a bhia agus tá an cháil sin tuillte acu. Tá an bia gan sárú! Bíonn an bia lán de bhlas agus tá sé solamarach agus folláin. Níl bia na hEorpa i gcomórtas leis ar aon chor! Is fiú dul go dtí Meicsiceo don bhia amháin.

Is as Meicsiceo a d’eascair lear mór de na torthaí, glasraí agus spíosraí a itear ar fud na cruinne. Samhlaigh cé chomh tur is a bheadh bia mura mbeadh seacláid, trátaí, prátaí, arbhar Indiach, piobair, cillí agus a lán eile nach iad ar fáil. Is breá le Meicsicigh pónairí, cillí, trátaí, prátaí, papánna agus lintilí a chócaráil. Dáiltear rís in éineacht leis na pónairí. Itear guacamole agus toirtílí déanta d’arbhar Indiach le formhór na miasa. Ní bhíonn béile ar bith ann gan líomaí gearrtha le gur féidir an sú géar a stealladh ar an mbia chun an blas a fheabhsú.

Bia solarmarach le trí dhath – ar nós bratach Mheicsiceo. Thaitin sé go mór liom. Ba é an rud is deise a d’ith mé i Meicsiceo.

I measc na miasa is mó a chócaráiltear tá toirtílí (fillteáin aráin a dhéantar de phlúr arbhar Indiach nó cruithneacht), enchiladas, tamales, burritos, tacos, tortas (ceapairí de chirceoil, de mhuiceoil nó cáis agus glasraí i gcorn crua), piobair chillí pulctha agus quesadillas(toirtílí lán de cháis bhog agus de fheoil).

Mias le meascán de bhia éagsúil ó Mheicsiceo. Tá agua fresca déanta de bhainne, rís agus cainéil sa ghloine mór.

Tá anraith darbh ainm pozole (déanta d’arbhar Indiach agus muiceoil) ann atá an-bhlasta ar fad.

Más maith leat bia na mara a ithe, taitneoidh chipachole (anraith spíosrach déanta le portáin) agus ceviche (bia mara a chuirtear ar bogadh i sú líomaí nó líomóidí) leat.

Mias le ceviche, iasc a leasaítear le sú líomóiní.

Óltar deochanna darbh ainm aguas frescas (deochanna milse déanta d’uisce agus torthaí). Ól horchata(deoch ina bhfuil uisce, bainne, rís, cainéil agus siúcra) nó jamaica(deoch milis déanta de thoradh dearg). Tá deochanna darbh ainm licuados(caoineoga) coiteann freisin. Dar ndóigh óltar deochanna meisciúla freisin. Tá iliomad cineálacha tequilaann mar aon le beoracha. Ní chreidfeá go bhféadfadh sé bheith go deas ach tá deoch déanta de bheoir agus sú trátaí darbh ainm michelada. Caitear púdar cillí ar bharr chun blas níos fearr a thabhairt dó. Is deoch dheas í chun an tart a mhaolú ar lá te. Tá nós ag na Meicsicigh cuireadh a thabhairt do chuairteoirí ó thar lear banderitaa ól. Ní deoch amháin í ach trí dheoch a bhfuil trí dhath de bhratach na tíre orthu! Bíonn ort diurnán de shú líomóidí (uafásach!), diurnán de thequila agus diurnán de shangrita (deoch déanta de shú trátaí) a ól go tapa.

Niacha nacho?

An maith leat nachóanna a ithe? Chruthaigh an cócaire Ignacio Nacho Anaya nachóanna den chéad uair sa bhliain 1943 i mbaile darbh ainm Piedras Negrasis sa stát Cauhuila i dtuaisceart na tíre. Thaitin an ghreadóg déanta de sceallóga toirtílí le cáis leáite orthu chomh mór sin le daoine go bhfuil clú agus cáil orthu ar fud na cruinne. Reáchtáiltear comórtas nacho in Piedras Negrasis an dara seachtain de mhí Dheireadh Fómhair gach bliain chun an ghreadóg cháiliúil seo a cheiliúradh. (Dála an scéil, ní focal Meicsiceach é niacha. Creid nó ná creid, is focal Gaeilge é a chiallaíonn beagán nó blaisín mar sin is blaisín de nacho is éard is brí le niacha nacho.)

Taisteal inmheánach

Ós rud é gur tír mhór é, is féidir eitilt ó chathair go cathair nó is féidir taisteal ar bhus. Tá cuideachtaí airthaistil ann. Bain do rogha astu. Más mian leat taisteal go saor, taisteal le VivaAerobus (glaoitear Ryanair Mheicsiceo air).

www.vivaaerobus.com

Eitlíonn Aero México go dtí níos mó áiteanna laistigh agus lasmuigh de Mheicsiceo. www.aeromexico.com

Má théitear i muinín busanna, tógfaidh sé i bhfad níos mó ama ach tá busanna den scoth ann le cathaoireacha sóúla (tugtar adhairt duit do do cheann), Wi-Fi saor in aisce, teilifíseáin, bia agus leithris. Is rogha mhaith é más mian leat taisteal go saor nó go díreach go dtí baile nach bhfuil i bhfoisceacht aerfoirt.

Bí ar d’airdeall

Cé go bhfuil an bia i Meicsiceo gan sárú, bí cúramach. B’fhéidir go n-imreoidh Moctezuma díoltas ort. Is éard is brí le sin ná go mbeidh buinneach uafásach agat a bhfágfaidh craptha thú agus ag brostú go dtí an leithreas ar feadh an lae. Ná ith bia ar na sráideanna mura bhfuil sé cócaráilte. Ní féidir bheith cinnte an bhfuil sé slán. Má tá sé cócaráilte, beidh sé iontaofa.

Os rud é go bhfuil Meicsiceo sna teochriosanna, tá an aimsir teaspach. Tig le do chraiceann a bheithe dóite go han-tapa. Caith éadaí éadroma chun do chraiceann a chlúdach agus cuir uachtar gréine ort.

Faraor tá fadhbanna coiriúlachta i Meicsiceo agus dá bharr feictear an-chuid póilíní agus saighdiúirí ar na sráideanna agus lasmuigh d’fhoirgnimh. Bíonn an scrúdú slándála dian sula dtéitear ag taisteal ar na busanna. Scrúdaítear do mhála agus tú féin sula ligtear isteach ar an mbus thú. Ach ná bí buartha, is tír den scoth í agus níl mórán baol ann má táthar cúramach.

Naisc acracha:

www.visitmexico.com

www.mexicocity.com

You may also like

Laisser un commentaire

Votre adresse e-mail ne sera pas publiée. Les champs obligatoires sont indiqués avec *